Tionscadal Gaeilge Ildánach Seolta i gContae Loch Garman

Tá infheistíocht déanta ag an gClár Éire Ildánach i gComhairle Contae Loch Garman i sé thionscadal a chuireann úsáid agus grá na Gaeilge chun cinn ar fud contae Loch Garman trína tograí cruthaitheacha. Tógann na tograí chur chuige poballárnach chun caidreamh fiúntach a chruthú leis an teanga agus chun muinín a chothú ina úsáid ag gach leibhéal.

CLLR PIP BREEN Cathaoirleach Comhairle Contae Loch Garman.

Roghnaíodh na sé thionscadal trí ghlao oscailte, ina measc feicimid; Ceardlanna agus taispeántais do ghrúpaí pobail ó thuaisceart an chontae, ó dheisceart an contae agus idir eatarthu; thionscadal a fhiosraíonn an Ghaeilge trí shealgaireacht, filíocht, agus amhránaíocht, tionscadal scéalaíochta a thugann cuireadh do dhaoine óga cur le scéala nua Gaeilge don raidió; Péire eagrán Gaeilge d’oíche labhartha Stephen James Smith, “So Say So”; agus clár uas-scileanna d’ealaíontóirí, chun an Ghaeilge a chomhtháthú ina gcuid oibre, a gcríochnaíonn le taispeántais ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2025. Beidh na tograí seo ar fad ar siúl i rith 2025.

Deir Cathaoirleach Comhairle Contae Loch Garman, Cllr. Pip Breen; “Is bealach iontach iad na tionscadail seo do phobail i gContae Loch Garman an Ghaeilge a úsáid i suíomhanna suaimhneacha inathraithe. Ceiliúrann siad an pobal agus an chruthaitheacht, forbraíonn siad léirthuiscint áitiúil dár n-oidhreacht theangeolaíoch, agus is as sin a tagann léirthuiscint an Gaeilge, agus spéise nua é a úsáid.”

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi aon cheann de na tionscadal thuas, is féidir teagmháil a dhéanamh linn trí ríomhphoist a sheoladh chuig: elizabeth.howard@wexfordcoco.ie

Leave a comment